Ghlac muid páirt i Rith 2016 le haghaidh Seachtain na Gaeilge inné. Shiúl muid síos go dtí teach na cuairte agus fuair muid baton ón nGaelscoil a bhí ag glacadh páirt freisin, comh maith le Scoil Íde. Ansin rith muid suas ar feadh cilimeadar go dtí an scoil arís. Bhí an spraoi againn agus rinne muid go léir iarracht mhór gaeilge a labhairt i rith an lae ar fad.